Má oibríonn tú leis an GBRÁ beidh an deis agat taithí leathan a ghnóthú chun fíordhifríocht a dhéanamh do na húdaráis áitiúla in Éirinn.
Ní chaithfidh gairmeacha bheith aon-toiseach, agus cuideoimid leat teacht ar do chonair féin.
Beag beann ar do ról leis an nGníomhaireacht, féadfaidh tú bheith cinnte go mbeidh tionchar ag do chuid oibre agus go ndéanfaidh sé difríocht ar bhonn náisiúnta, do dhaoine aonair, do ghnólachtaí, agus don phobal i gcoitinne.
Executive Librarian - Infrastructure and Digital Transformation Grade 6
Open Competition, Permanent
Maidir leis an ról
Ag tuairisciú don bhainistíocht shinsearach um Fhorbairt Leabharlann, rachaidh an Leabharlannaí Feidhmiúcháin i dteagmháil leis an Leas-Cheann agus an Ceannaire maidir le clár oibre Fhorbairt Leabharlann a phleanáil agus a chur i bhfeidhm. Déanfaidh an Leabharlannaí Feidhmiúcháin obair na foirne a bhainistiú ó lá go lá maidir le cuspóirí sonracha a bhaineann le bonneagar agus claochlú digiteach faoin straitéis náisiúnta leabharlann poiblí agus tabharfaidh sé tosaíocht de réir mar is gá.
Closing date for applications is 19th February 2025 at 1pm.
Email fully completed applications to jobapplications@lgma.ie
Bainisteoir Tionscadail Ghrád 7
Straitéis Dhigiteach & TFC de chuid an Rialtais Áitiúil
Conradh 12 Mhí
Deis Oscailte/Iasachta
Maidir leis an ról
Beidh freagracht ag an bpost (Sealadach) de Bhainisteoir Tionscadail - Grád 7 as cás gnó a fhorbairt lena ndéanfar an t-ardán is fearr a mheasúnú le haghaidh tionscnaimh um Pobail Chliste a chur i gcrích in Éirinn, ar aon dul le cur i bhfeidhm Rialtas Áitiúil Digiteach: Ag Obair do Chách -Straitéis Dhigiteach agus TFC um Rialtas Áitiúil na hÉireann 2030. Is é cuspóir an cháis ghnó na tairbhí ar féidir leis an gcur chuige um Pobail Chliste iad a thabhairt do straitéisí rialtais áitiúil a chur in iúl agus a thaispeáint i réimsí amhail an tAthrú Aeráide, Taisteal Gníomhach, Iompar agus Soghluaisteacht, Tús Áite do Lár an Bhaile, Tithíocht agus Pobal, Forbairt Eacnamaíoch, Turasóireacht, etc. agus chun tacú le cuir chuige um Pobail Chliste agus iad a chomhordú sna réimsí sin. Trí shain-tionscnamh rialtais áitiúil um Pobail Chliste Uile-Éireann a sholáthar d’fhéadfaí tabhairt faoi na riachtanais sin, ceannasaíocht a chur ar fáil ar fud geilleagar áitiúil agus bunathrú um Pobail Chliste a threorú ag an leibhéal áitiúil.
Closing date for applications is 19th February 2025 at 1pm.
Email fully completed applications to jobapplications@lgma.ie